Irish poems shortened

Gealt

* Léim gealt ar bhus a sé a déag. Bhí éadaí codlata air agus shuigh sé in aice le fear a raibh mála aige.

* Choinnigh an fear greim daingean ar a mhála agus rug an mháthair greim daingean ar a páiste.

* D’fhéach an páiste ar an ngealt agus thosaigh an ghealt ag gáire.

* Ghlaoigh an tiománaí ar an mbrusáras ach toisc nach raibh an gealt i mbaol níor tháinig siadsan ná an bhriogáid dóiteáin.

* Ach tháinig na gardaí agus tháinig an t-arm agus dochtúirí le veist cheangail.

* Bhí na daoine ar an mbus trí chéile agus cuid acu déanach don obair.

* Chuir an dochtúir an veist cheangail ar an ngealt agus bhí áthas ar na daoine ar an mbus.

Faoiseamh a Gheobhadsa

* Ba mhaith leis an bhfile suaimhneas a fháil ar feadh tamaill bhig.

* Gheobhaidh sé an sos i measc a mhuintire féin.

* Beidh sé ag siúl cois trá agus beidh sé soar ansin ó bhuairt agus ó imní agus ó chaint ghéar.

Mo Ghile Mear

* Bíonn an file brónach gach lá mar gur theith Prionsa Searlas go dtí An Fhrainc.

* Deir an file gur laoch den scoth Prionsa Searlas agus níor chodail sé i gceart ó d’imigh sé.

* Níl áthas ar an gcuach ó shin agus tá na huaisle, na filí agus na daoine léannta cráite.

* Deir an file go bhfuil an nádúr (dúlra) I gcruachás agus go bhfuil stoirm mhór ann ó d’imigh Prionsa Searlas.

* Tá gach éinne go brónach agus níl na ceoiltóirí ag seinm ceoil ná na filí ag cumadh aon fhocal filíochta ó shin.

Jack

* Cuimhníonn sí ar an bhfear óg a raibh sí ag rince leis fadó.

* Fear óg, láidir, croíúil agus mac feirmeora ba ea é.

* Is cuimhin léi a lámha thart uirthi agus iad ag rince.

* Fágfar feirm aige, pósfaidh sé agus tógfaidh sé clan ach ní bheidh sé go deo arís mar a bhí sé an oíche sin.

* Guíonn sí rath agus aoibhneas air mar b’é a rogha pháirtí aici é an samhradh sin.

Níl Aon Ní

* Tá Cathal ó Searcaigh ag caint lena leannán faoina áit dhúchais I nDún na nGall.

* Iarrann sé uirthi teacht leis go dtí an áit álainn ina bhfuil sé.

* Deir sé léi go gcloisfeadh sí focail cheolmhar agus ceol bog taitneamhach dá dtiocfadh sí go dtí an áit sin.

* Ach b’fhearr léi fanacht I mbrúchtbhaile gránna.

Oíche Nollaig na mBan

* Chuir an stoirm an bás i gcuimhne don fhile.

* Deir an file go raibh an stoirm chomh huafásach sin go raibh sé cosúil. le rud éigin a bhí ag teacht amach as gealt-teach.

* Ba cosúil gur tháinig an stoirm ón saol osnádúrtha.

* Tháinig fearg air nuair a mhúch an stoirm a choinneal, mar nuair a bhí an choinneal ar lasadh bhí dóchas aige.

* B’fhearr leis dá dtiocfadh an stoirm nuair a bheadh sé ar leaba a bháis ionas nach gloisfeadh sé an bás ag teacht.

An Mháthair

* Seanbhean atá ag caint anseo agus tá fuinneamh na beatha inti fós.

* Cé go bhfuil ualach na mblianta anuas uirthi tá maorgacht ar Leith aici i gcónaí.

* Chomh maith leis sin tá sí meidhreach, gáireach agus álainn agus deir sí gur ‘triúr maighdean’ í i ngrá le ‘triúr óigfhear’.

Úirchill an Chreagáin

* Is aisling pholaitiúil fháthchiallach (allegorical) atá I bhfoirm comhrá an dán seo.

* Chuaigh an file a chodladh I gCill an Chreagáin agus brón air.

* Tháinig bean álainn (spearbhean) chuige agus iarrann sí air teacht léi go Tír na nÓg, áit a mbeidh áthas air arís.

* Níor theastaigh uaidh a bhean agus a chaired a fhágáil agus dúirt sí leis nach bhfuil meas ar bith ag éinne air mar fhile.

* Dúirt sí leis gur síog í agus go raibh sí ina cónaí i Móta, I gContae na hIarmhí.

* Dúirt an file léi go raibh a chroí briste agus dúirt sí leis go mbeadh sé níos fearr dá rachadh sé léi.

* Dúirt an file go mbeadh sé sásta dul léi ar choinníoll go gcuirfí I reilig an Chreagáin é.

Maigdiléana

* D’fheiceadh an file an bhean sráide (striapach) álainn go minic i Londain.

* Bhíodh sí ag déanamh a gnó ar na sráideanna.

* Chomh maith leis sin d’fheiceadh sé í ag ól tae I gcaifitéire, roimh dul abhaile di.

* Chuimhnigh an file ar Mháire Mhaighdiléana agus é ag féachaint ar an striapach.

An tOileán

* Tá an file ina chónaí ar oileán agus déanann sé maitheas di.

* Tá leannán an fhile ar an mórthír.

* Cé go bhfuil an t-oileán iargúlta tá sé fíor-álainn.

* Cé go bhfuil suaimhneas agus sonas aici ar a hoileán tá uaigneas uirthi gan a leannán, agus ba bhreá léi dá dtiocfadh sé chuici ar an oileán.

Dá mb’Fhéidir arís d’ár gCumann

* Bhí uaigneas ar an bhfile nuair a fuair a fear céile bás.

* Bhí a saol faoi scamall agus bhí sí gan dóchas, gan féinmheas.

* Bhí sí buartha ag tús an gheimhridh.

* Ach I bhfómhar na bliana chonaic sí an t-athfhás ag bláthú I ngach áit agus mhothaigh sí ath-fhás inti féin.

* Thosaigh sí ag caoineadh ach chuimhnigh sí ar a fear céile san uaidh agus mhothaigh sí gur mhaith léi bualadh le daoine arís.

An Chéad Dráma

* Comparáid idir drama ar stáitse agus an saol atá i gceist.

* Is é Dia a chum an drama agus thug sé pairt do gach duine den chine daonna.

* Is é Dia léiritheoir an drama agus pioc sé an diabhal mar leideoir chun leideanna a thabhairt do na haisteoirí.

* Tugann Dian a duaiseanna amach ag an deireadh agus faigheann an diabhal na haisteoirí a bhí go holc agus coinníonn Dian a daoine maithe.

* Tá deireadh leis an bpáirt a bhí aige féin (an file) mar tá a shaol beagnach thart.

* Drochshaol a bhí aige agus níl ach an bás i ndán dó.

* Tá sé ag súil nach mbeidh deireadh a shaoil ró-uaigneach.

* Dúirt an file nach mbeidh an dochtúir in ann é a shábháil agus tá súil aige go mbainfidh sé na Flaithis amach.

Dán do Mhelissa

* Bhí iníon an fhile, Melissa, ag rince cois farraige, nuair nach raibh ach cúig nó sé bliana slánaithe aici.

* Bhí an file ag féachaint uirthi le grá ina croí.

* Thug sí rudaí éagsúla le déanamh di agus bheadh sí sásta Gairdín Pharthais a thabhairt di, áit ina mbeadh chuile rud furasta agus cineálta.

* Dúirt an file nach mbeadh fadbh dá laghad aici sa domhan sin.

About the Author

smemon

Irish, IT Student, Internet Entrepreneur & Blogger

4 Responses to “ Irish poems shortened ”

  1. :?: :idea: :oops: :oops: :oops: :cool: :evil: :grin:

  2. oh god dat makes tings so much easier..tank you!!

  3. Wow…i’m a ,ature stutend and started to panic and get confused!
    You’ve just cleared everything up for me…i feel ok now!and a lot less confused!!!thanks

  4. Just out on the right side of the L cert, it would have been a help in what was a huge slog for me. A bit of clarity goes a long way in a fog Any tips on the leamhthuiscint?

Leave a Reply

You can use these XHTML tags: <a href="" title=""> <abbr title=""> <acronym title=""> <blockquote cite=""> <code> <em> <strong>